Skip to content

GRETB Awards

Arís i mbliana d’eirigh thar cinn le daltaí an Choláiste i gcúrsaí acadúla, spóirt agus imeachtaí seach-churaclaim. Tugadh aitheantas dá gcuid iarrachtaí ag ócáid bhronnta gradaim Bhord Oideachais agus Oiliúna Gaillimh Ros Comáin (BOOGR nó GRETB). Táimid thar a bheith bródúil asaibh!!

Yet again this year the Coláiste students excelled in all aspects of school life and their achievements in academics, sports and extra curricular activities were acknowledged and recognised at the annual GRETB (Galway Roscommon Education and Training Board).

 

 

 

Credit Union Bursary Awards 2017

Academic Achievement 

Dalta den chéad scoth í Leah Ní Mhuirgheasa a léirigh cumas thar na bearta ón gcéad lá aici sa gColáiste agus ní haon ionadh é gur ghnóthaigh sí torthaí iontacha i scrúdú an Teastais Shóisearaigh – 9A ag Ard léibhéal. Ní i gcursaí acadúla amháin a dhíríonn Leah a haird ach i ngach gné de shaol an Choláiste an spóirt, cur chun na teangan, imeachtaí eis-curaclaim san áireamh. Go deimhin, b’í an príomh-aisteoir sa gceoldráma scoil MAMMA MIA i mbliana.

(Leah’s TY school tour to Madrid clashed with the Award Ceremony)

 

 

GRETB Awards 2017 – Mícheál, Captain Of All-Ireland Winning Volleyball Team Senior ‘ B’ Boys

All-Ireland Spikeball

Comhghairdeas le múinteoir Seán Ó Briain agus na buachaillí ar an mbua iontach a bhí acu – buaiteoirí Uile-Éireann Eitpheile. Tá ard-mholadh tuillte acu uilig ach go háirithe Múinteoir Seán mar b’é a thraenáil iad, a spreag iad agus thar aon rud eile, b’é a chur ar chumas na mbuachaillí a bheith muiníneach astu féin. Gan dabht ba éacht é do scoil bheag an chéim seo a bhaint amach. Click for more

 

 

 

 

GRETB Awards 2017 – Ciara BT Young Scientist

BT young Scientist 

Ainmnítear Ciara do ghradam seo ar a fheabhas is a chruthaigh sí i gcomórtas EOLAÍ ÓG BT i mbliana. Bíonn an iomaíocht an-ghéar sa gcomórtas seo acgus ní hamháin gur bhuaigh Ciara an príomhdhuais ina catagóir féin, RTÉ Best Social and Behavioural Science Project  ach sciob sí léi duais an urraitheora- The Abbott “Life to the Fullest Award” chomh maith. Anuas ar sin buaigh sí duais eile BT Boot Camp mar aon le sparántacht olscoile. Tugadh an t-aitheantas sin uilig di as an aip a d’fhorbraigh sí chun cuidiú le páistí óga le huathachas (autism).   Click for More

 

GRETB Awards 2017 – Seán, TY All-Ireland Winning SCLÉIP Dance Troupe

SCLÉIP – All-Ireland Winners

Guided by Múinteoir Una our TY dance troupe won national honours at the SCLÉIP talent contest. Click for more