Skip to content

Volleyball Champions 2016

SEAIMPÍNÍ UILE ÉIREANN / All-Ireland Senior Volleyball Champions Boys ‘B’

Roimh an imirt UCD 07/12/16
Roimh an imirt UCD 07/12/16
img_0728
CHAMPS!!!
At home again
At home again

 

 

 

 

Seaimpíní!!!

 

 

Cliceáil ar na pictiúirí thuas (click on pics above) le haghaidh tuilleadh pictiúirí(for more pics)

 

imag1663Comhghairdeas le múinteoir Seán agus na buachaillí ar an mbua iontach a bhí acu – buaiteoirí Uile-Éireann Eitpheile!!! Ba i gcoinne St. Louis’ Community School, Kiltimagh a bhí muid agus tar éis dúinn a chéad cluiche a bhuachan 25-17 bhí tús maith déanta.

Cluiche den scoth a bhí sa dara gcluiche. Bhí tús láidir ag St. Louis le ceithre scór as chéile, 0-4, níor scaoil an Coláiste leo áfach agus bhí na foirne ar comhscór go minic suas go dtí 14-14. Bhrúigh an Coláiste ar aghaidh agus níorbh fhada go raibh muid 23-20 agus ansin 24-21 chun cinn. Níor ghéill St.Louis agus go deimhin ní bhéifeá ag súil lena mhalairt mar gurbh iad seaimpíní na hÉireann iad sa gcomórtas seo i 2013, agus mar a rinne siad ag tús an chluiche scóráil siad ceithre phointe as a chéile a d’fhág an scór 24-25 ina bhfábhar siúd.

Bhí an cluiche anois idir dhá cheann na meá agus an buntáiste an fhreastáil ag an bhfreasúra. Ba ansin a léiríodh carachtair na bhfear seo againne, choinnigh siad stuaim orthu féin agus ghnóthaigh siad an chéad trí phointe eile gan fhreagra chun Craobh an hÉireann a bhreith leo ar scórlíne 27-25.

Tá ard-mholadh tuillte acu uilig ach go háirithe Múinteoir Seán mar b’é a thraenáil iad, a spreag iad agus thar aon rud eile, b’é a chur ar chumas na mbuachaillí a bheith muiníneach astu féin, creidiúint iontu féin agus nuair a tháinig an crú ar an tairne ins na nóiméidí deireanacha, bhí siad ullmhaithe chun déileáil leis agus is iad anois buaiteoirí ag seaimpíní na hÉireann!