Bhí an deis ag lucht na hArdteiste freastal ar réimse leathan ceardlanna i dtaobh gairmeacha beatha in Óstán Bhá na Gaillimhe roimh an sos lár-théarma. Cé gur déagóirí iad go fóill, is léir go bhfuil siad uilig ag smaointiú fán chéad chéim eile amach rompu.
Is deacair rogha mar seo a dhéanamh ach is cinnte gur thug an lá seo eagraithe ag Máistreas Máirín go leor ábhar machnaimh dóibh. Bhí rogha gach post agus togha gach ceardlann curtha os a gcomhair ag an ócáid seo.
Aithníodh an lá speisialta seo mar an taispeántas is mó i ngairmeacha beatha in Iarthar na hÉireann i mbliana.
Dar le Confusious, má aimsíonn duine jab a dtaitníonn leis/léi, mothóidh sé/sí nach mbeidh obair i gceist ar chor ar bith. Go n-éirí leo!
Leaving Cert. students had the opportunity of attending the greatest careers exhibition in the west this year in the Galway Bay Hotel just before the mid-term break. Let’s hope that this excursion organized by Máistreas Máirín will help them all in choosing their next step in their upcoming careers. Ádh Mór oraibh!