Gairmthreoir – Anois?

Is fearr slí a iarraidh ná dul ar iarraidh.

Bhí an deis ag lucht na hArdteiste freastal ar réimse leathan ceardlanna i dtaobh gairmeacha beatha in Óstán Bhá na Gaillimhe roimh an sos lár-théarma. Cé gur déagóirí iad go fóill, is léir go bhfuil siad uilig ag smaointiú fán chéad chéim eile amach rompu.

Is deacair rogha mar seo a dhéanamh ach is cinnte gur thug an lá seo eagraithe ag Máistreas Máirín go leor ábhar machnaimh dóibh. Bhí rogha gach post agus togha gach ceardlann curtha os a gcomhair ag an ócáid seo.

 

Aithníodh an lá speisialta seo  mar an taispeántas is mó i ngairmeacha beatha in Iarthar na hÉireann i mbliana.

Dar le Confusious, má aimsíonn duine jab a dtaitníonn leis/léi, mothóidh sé/sí nach mbeidh obair i gceist ar chor ar bith. Go n-éirí leo!

Leaving Cert. students had the opportunity of attending the greatest careers exhibition in the west this year in the Galway Bay Hotel just before the mid-term break. Let’s hope that this excursion organized by Máistreas Máirín will help them all in choosing their next step in their upcoming careers. Ádh Mór oraibh!

Lucht na hArdteiste réidh machnamh a dhéanamh ar na postanna a bheas acu .