Eagraíocht na Bliana – Arís!

Bhí Coláiste an Eachréidh i measc na scoileanna a d’fhreastail ar ‘TechFéile’ eagraithe ag ‘Kinia’ ar na mallaibh. Bhí an deis ag scoláirí a bheith ar an láthair ag The Foundry ag ceanncheathrú Google i mBaile Átha Cliath.

Is iontach a thuiscint go bhfuil scoláirí an Eachréidh i measc na ceannródaithe a bheas gníomhach i bhforbairt na teicneolaíochta sa todhchaí. Ag an ócáid speisialta seo, bhí deis ag na daltaí a bheith páirteach i réimse leathan ceardlanna lena gcuid scileanna teicniúla a fheabhsú le físeáin, le podchraoltaí sna meáin digiteacha agus cúrsaí ríomhaireachta eile. Cinnte bhí ionadaíocht láidir ar an láthair agus neart acu in iomaíocht sna comórtais éagsúla. Gabhaimid buíochas le Máistreas Bairbre as daltaí na scoile a spreagadh agus tréaslaímid díogras na ndaltaí as a dtiomantas a bheith rannpháirteach ar bhonn leanúnach.

Gabhaimid comhghairdeas le Coláiste an Eachréidh agus an scoil aitheanta go náisiúnta arís mar ‘Eagraíocht na Bliana’ ag Kinia. Seo an dara huair gur bronnadh an gradam seo ar an choláiste.

Fiosracht – Eochair an Eolais!

 

Tráth na gCeist – Craobh na hÉireann

Bhí foireann daltaí Bl.3 cáilithe le páirt a ghlacadh i dTráth na gCeist Staire a bhí eagraithe ag Cumann na Múinteoirí Staire (HTAI) i gColáiste Íoságáin i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh.

Caithfidh a rá gur éirigh go hiontach leo sa réamhbhabhta agus iad i measc trí fhoireann as Cúige Chonnachta le dul chun cinn chuig an bhabhta ceannais. Ar an lá féin, bhí siad in iomaíocht le foirne fud fad na hÉireann. Táimid thar a bheith bródúil go raibh ionadaíocht ó dhaltaí an Eachréidh sa chomórtas seo ag leibhéal náisiúnta agus aithnímid gur seo an chéad uair gur ghlac daltaí ón choláiste páirt i dTráth na gCeist Staire HTAI.

D’éirigh go maith le foireann an Eachréidh, thaitin sé leo a bheith rannpháirteach agus bhí turas breá acu go Baile Átha Cliath.

Ag Comhrac na gCeisteanna

Seán – Buacach arís!

Comhghairdeas le Seán a ghlac páirt sa chomórtas lúthchleasaíochta ‘Juvenile Indoor National Championships’ ar na mallaibh. Tháinig Seán sa chéad áit sa rás 400 méadar faoi 19 Bl. agus sa dara háit sa 200 méadar. Chomh maith leis sin, sháraigh sé a churiarrachtaí pearsanta féin ag an dá fhad le linn an chomórtais!! Sáréacht!!

🥇🥈👏👏🌟🤩

 

 

Congratulations to Seán who took part in the Juvenile Indoor National Athletics Championships recently. Seán won gold in the 400 metre final under 19 and silver in the u19 200 metre final. He also set new PB’s at both distances at these Championships!! Incredible achievement!!

Is cinnte gur fearr rith maith ná drochsheasamh!

Seó Tallainne i gColáiste an Eachréidh

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil le gach uile duine a ghlac páirt i Seó Tallainne a bhí eagraithe ag Comhairle na nDaltaí ar na mallaibh.

B’iontach an spéis a bhí léirithe ag iomaitheoirí i mbliana óir bhí timpeall 16 mír éagsúla curtha os comhair mholtóiri ar an lá. Cuireadh sár-taispeántais thar a bheith spraíúla i láthair ag rannpháirtithe uile agus bhain lucht féachána an-sult go deo as réimse leathan tallainne ag an ócáid. Ní raibh sé éasca ag na moltóirí ach seo a leanas na buaiteoirí a roghnaíodh sa deireadh:

  • An Chéad Áit – Matthew
  • An Dara hÁit (roinnte) – Bláthín & Theo
  • An Tríú hÁit – Ted

Arís, ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach uile duine a ghlac páirt agus tá súil againn go mbeidh sibh ar fad ar ais le páirt a ghlacadh arís.

Bua agus treise libh!

Gradaim Ealaíne BOOGR

Caithfidh a rá go bhfuil Coláiste an Eachréidh thar a bheith bródúil as na buanna iontacha atá léirithe ag na scoláiri thar na blianta.

Le deireannas, bronnadh deich nGradam ar dhaltaí na scoile as buanna ealaíne éagsúla a léiriú:

  • Banna Ceoil – Moonlight Eclipse
  • Amhráin nua a chumadh – Bláthín & Max
  • Prós Sóisearach ( I mBéarla) – Max
  • Filíocht Shinsearach – Conall, Killian & Orla
  • Prós Sinsearach – Eve, Sarah & Grace

Comhghairdeas leo ar fad – éachta nach beag curtha i gcrích acu uile. Is iontach an t-aitheantas seo ar son an choláiste agus iad i gcomórtas le scoileanna fud fad réimse BOOGR.

Leanaigí oraibh leis an dea-obair!

Saw Doctors ‘as Gaeilge’

Bhí ceolchoirm iontach curtha os comhair phobal uile na scoile go díreach roimh shaoire na Cásca. Le fírinne, bhí amhránaithe agus ceoltóirí araon i mbun dianchleachtaidh ar feadh roinnt seachtaine agus iad ag ullmhú don ócáid mhór. Chaith scoláirí neart ama i mbun aistriúcháin ar lirící na ‘Saw Doctors’ agus iad ag déanamh a seacht ndícheall cloí le rithim agus brí na n-amhrán. Caithfidh a rá gur éirigh thar barr leo.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Conor Ó Domhnaill agus le Music Generation Galway a thacaigh go mór le daltaí an Eachréidh sa togra áirithe seo. Ba léir go ndeachaigh amhránaithe agus ceoltóirí an Eachréidh go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta agus iad molta go hard na spéire ag a raibh i láthair le rí-rá agus bualadh bos. Níl amhras ar bith ann ach go raibh Leo Moran féin (The Saw Doctors)  thar a bheith tógtha as caighdeán an cheoil sa choláiste. Táimid buíoch gur ghlac Leo Moran an t-am le comhairle agus treoir a roinnt le cuid de na ceoltóirí is leis na hamránaithe ar an lá.

Ná déanaimid dearmad ar an taispeántas iontach a bhí ag  ‘Moonlight Eclipse’ ach oiread. Cinnte, chuir siad a gcroíthe is a n-anamacha sa taispeántas spleodrach a bhí acu. Ní mór an t-ionadh é go raibh duaiseanna bronnta orthu ó Scléip (Gael Linn) agus ó BOOGR níos luaithe i mbliana. Beimid ag tabhairt cluas le héisteacht daoibh amach anseo!

Ceol curtha i gcuideachta