Fios a ngnó acu!

Ba mhaith linn comhghairdeas ghabháil le hEmmeline agus le Stephen a ghlac páirt sa chomórtas ‘Student Enterprise Awards’ a bhí ar siúl Óstán Clayton ar na mallaibh.

Bhuaigh Emmeline an duais don seastán is fearr agus tháinig Stephen sa dara áit ina iomlán sa Chontae sa chatagóir Shinsearach.  Tá ard-mholadh tuillte acu beirt óir tá an-obair go deo curtha isteach acu sna tograí seo le mion-chomhlachtaí a bhunadh i mbliana.

‘Les Filles Belles’ an t-ainm a bhí ar an ghnó a bhunaigh Emmeline agus málaí lámhdhéanta inbhuanaithe deartha aici. Tá cnúite capaill in úsáid ag Stephen i ngnó s’aigesean darbh ainm ‘Forge Átha an Rí’ ina bhfuil ornáidí inbhuanaithe cruthaithe aige.

Congratulations to our young entrepreneurs, Emmeline and Stephen, that were awarded prizes at ‘Student Enterprize Awards’ that took place in the Clayton Hotel Galway recently. Comhghairdeas libh!

Críonna i mbun gnóthaí

Tráth na gCeist – Stair Sóisearach

Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil le scoláirí an Eachréidh a ghlac páirt i dTráth na gCeist Staire a bhí ar siúl i gColáiste na Corónach Muire Rónaofa sa Chreagán ar na mallaibh.

Bhí Tráth na gCeist Staire dírithe ar dhaltaí sóisearacha agus orthu siúd sa tríú bhliain ach go háirithe. Caithfidh a rá go raibh an-éileamh ar an ócáid agus daltaí ag taisteal ó fud fad Chúige Chonnachta le bheith i láthair. Gabhtar buíochas le Cumann na Múinteoirí Staire in Éirinn a d’eagraigh an ócáid. Ar ndóigh, gabhtar buíochas ar leith leis na tuismitheoirí a thug síobanna do dhaltaí ar mhaithe le bheith páirteach.

Faraor, ba é seo an chéad uair a ghlac Coláiste an Eachréidh páirt san ócáid áirithe seo agus bhí gach cuma orthu gur bhaineadar an-taitneamh go deo as imeachtaí na hoíche. Ní hamháin go raibh seans acu súil siar a dhéanamh ar chúrsaí staire ach bhain siad an-sult as na dúshláin curtha rompu sna ceisteanna. Cinnte, bhí lúchair an domhain ar fhoireann amháin agus iad cáilithe anois do chraobh na hÉireann.

Congratulations to all our students that took part in the regional Junior Cert. History Quiz organized by History Teachers Association of Ireland (HTAI) recently. This regional event was held in Holy Rosary College, Mountbellew. A special word of thanks goes out to parents that provided transport for those taking part.

The students certainly seemed to enjoy participating in the quiz and we are proud to think that a team from Coláiste an Eachréidh qualified to take part in the ALL-Ireland HTAI Quiz.

Ceisteanna pléite, cíortha agus fuascailte

 

Aiste an Oireachtais – Buaiteoir Náisiúnta

Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas ollmhór a ghabháil le Eve Bl.5 a bhuaigh Comórtas Aistí 23/24 – Aiste an Oireachtais ar na mallaibh. Ba é an téama a bhí san aiste ná: ‘An Pholaitíocht Phairliminteach agus an tSíocháin’.

Seo an méid a bhí le rá ag duine de na moltóirí:

“Aiste láidir dea-scríofa is ea an aiste seo ina dtugtar aghaidh go dána ar an gceist atá idir chamána. Tá áiteamh láidir ann tríd síos, agus seachnaítear, ba dhóigh leat d’aon ghnó, na seanseorthaí cainte agus clichéanna a thagann go minic i gceist. Fairis sin, tá gnéithe pearsanta san aiste, rud a thógann amach as an teibíocht ar fad í agus a chuireann leis an argóint. Cé gur cosaint láidir ar an daonlathas pairliminteach atá ann siar síos, tugtar le fios gur féidir nach é an réiteach idirghabhálach ach an oiread é i gcónaí.”   Alan Titley

Bronnadh an gradam ar Eve ag searmannas speisialta i dTeach Laighin, Dáil Éireann Aoine 1 Márta. Ba é Seán Ó Fearghaíl T.D., An Ceann Comhairle, a bhronn an duais ar Eve mar bhuaiteoir Náisiúnta Chomórtas Aiste an Oireachtais 2023/24. Ní hamháin go raibh aitheantas tugtha di mar bhuaiteoir le gradam ach le seic €500 san áireamh. Bronnadh seic eile ar an choláiste ar an luach céanna.

Mar aon leis an searmannas, bhí béile galánta curtha ar fáil i mbialann na Dála do gach uile duine a d’fhreastail ar an ócáid. Tugadh na cuairteoirí uile ar thuras treoraithe mórthimpeall Theach Laighin ina raibh seans ag gach duine foghlaim faoi stair na háite, gníomhartha na Dála agus sa tSeanad araon.

Congratulations to Eve Bl.5 who was the overall winner of the Oireachtas Essay(Gaeilge) Competition 2023/24. A delegation from Coláiste an Eachréidh was invited to attend the Prizegiving Ceremony and Buffet Lunch in Leinster House on Friday, 1st March. Eve was presented her award along with a cheque worth €500. The event was hosted by An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD. There was also a tour of Leinster House for all guests before returning home.

Eve – Comhghairdeas leat, éacht iontach curtha i gcrích.