Skip to content

Aiste an Oireachtais – Buaiteoir Náisiúnta

Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas ollmhór a ghabháil le Eve Bl.5 a bhuaigh Comórtas Aistí 23/24 – Aiste an Oireachtais ar na mallaibh. Ba é an téama a bhí san aiste ná: ‘An Pholaitíocht Phairliminteach agus an tSíocháin’.

Seo an méid a bhí le rá ag duine de na moltóirí:

“Aiste láidir dea-scríofa is ea an aiste seo ina dtugtar aghaidh go dána ar an gceist atá idir chamána. Tá áiteamh láidir ann tríd síos, agus seachnaítear, ba dhóigh leat d’aon ghnó, na seanseorthaí cainte agus clichéanna a thagann go minic i gceist. Fairis sin, tá gnéithe pearsanta san aiste, rud a thógann amach as an teibíocht ar fad í agus a chuireann leis an argóint. Cé gur cosaint láidir ar an daonlathas pairliminteach atá ann siar síos, tugtar le fios gur féidir nach é an réiteach idirghabhálach ach an oiread é i gcónaí.”   Alan Titley

Bronnadh an gradam ar Eve ag searmannas speisialta i dTeach Laighin, Dáil Éireann Aoine 1 Márta. Ba é Seán Ó Fearghaíl T.D., An Ceann Comhairle, a bhronn an duais ar Eve mar bhuaiteoir Náisiúnta Chomórtas Aiste an Oireachtais 2023/24. Ní hamháin go raibh aitheantas tugtha di mar bhuaiteoir le gradam ach le seic €500 san áireamh. Bronnadh seic eile ar an choláiste ar an luach céanna.

Mar aon leis an searmannas, bhí béile galánta curtha ar fáil i mbialann na Dála do gach uile duine a d’fhreastail ar an ócáid. Tugadh na cuairteoirí uile ar thuras treoraithe mórthimpeall Theach Laighin ina raibh seans ag gach duine foghlaim faoi stair na háite, gníomhartha na Dála agus sa tSeanad araon.

Congratulations to Eve Bl.5 who was the overall winner of the Oireachtas Essay(Gaeilge) Competition 2023/24. A delegation from Coláiste an Eachréidh was invited to attend the Prizegiving Ceremony and Buffet Lunch in Leinster House on Friday, 1st March. Eve was presented her award along with a cheque worth €500. The event was hosted by An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl TD. There was also a tour of Leinster House for all guests before returning home.

Eve – Comhghairdeas leat, éacht iontach curtha i gcrích.