Scoth an Cheoil ag Scléip ’24

Táimid an-bhródúil as iomaitheoirí ceolmhara ón choláiste a ghlac páirt i gcomórtas chraobh na hÉireann Scléip (eagraithe ag Gael-Linn) ar na mallaibh. Bhí Bláthín páirteach mar amhránaí aonair agus ansin an grúpa ‘Moonlight Eclipse’ i gcomórtas na mbannaí. Níl aon amhras ach gur chuir siad a gcroíthe agus a n-anamacha sna taispeántais ar an lá.

Bhí na moltóirí thar a bheith tógtha le caighdeán an chomórtais. Tá an-áthas orainn gur éirigh go hiontach le ceoltóirí an Eachréidh. Bronnadh duais náisiúnta dara háit ar Bhláthín a chas ‘Fadhbanna Fánaíochta’ (amhrán nua cumtha aici féin). Ní hamháin sin ach bronnadh An Chéad Áit sa chomórtas náisiúnta ar an ghrúpa ceoil ‘Moonlight Eclipse’ (Bláthín, Eoin, Lúcas & Luka – Aoife ‘as láthair’) as ucht amhrán s’acusan B.I.A. (amhrán nua-cumtha acu féin). Gabhaimid buíochas le Anne-Marie, múinteoir ceoil a thug tacaíocht agus treoir dóibh.

Comhghairdeas leo ar fad! Tá éacht bainte amach acu – aitheantas náisiúnta – craobh na hÉireann. Táimid iontach bródúil asaibh ar fad.

Tá stór amhrán acu

Macnas sa Choláiste

Chuir lucht na hidirbhliana tús le sraith ceardlanna le Macnas ar na mallaibh.

Le linn na seisiún seo, tá neart le foghlaim ag na scoláirí fúthu féin, conas a gcuid mothúchán a láimhseáil agus conas tógáil orthu féin mar fhoireann is a dtréithe comhoibrithe a neartú.

Is maith an scáthán súil charad!

Drumaí Beaga agus Drumaí Móra

Bhí ceardlann drumadóireachta ag lucht na hidirbhliana le deireannas leis an chomhlacht Drumadore (tuilleadh eolais anseo)

Níl aon amhrais ach go raibh spraoi iontach ag gach uile dalta a bhí páirteach agus iad ag greadadh na ndrumaí i gcuideachta a chéile. Aitheantas tugtha do chách agus iad ag obair mar fhoireann.

Tá siad lán de cheol