Skip to content

Scoil amháin maith – ‘One Good School’

Bhí údar ceiliúrtha againn sa choláiste ar na mallaibh agus aitheantas tugtha don obair cheannródaíochta déanta ar son mheabhairshláinte na ndaltaí a chothú is a fhorbairt. Ghlac pobal uile na scoile (scoláirí, múinteoirí, bainistíocht agus tuismitheoirí) páirt sa togra ‘One Good School (OGS)’ le dhá bhliain anuas. Ár mbuíochas le Jigsaw i nGaillimh a d’eagraigh ceardlanna agus seimineáir ghréasáin i rith an ama sin agus a thacaigh go mór linn le gach gníomhaíocht a bhí idir lámha againn chun tacú le meabhairshláinte ár scoláirí. Bronnadh an phlaic óir ar Choláiste an Eachréidh le deireannas dár n-iarrachtaí ar fad tríd an gclár agus bhí baill dár bhfoireann OGS ann don ócáid.

 

Members of our ‘One Good School’ team were presented with the OGS gold plaque recently in acknowledgement of our efforts to support the mental health and wellbeing of our students. Many thanks to Jigsaw Galway for their continuous support.