Skip to content

Comhrá ’23

Caithfidh a rá go bhfuilimid thar a bheith bródúil as scoláirí an choláiste atá ar an Choiste Gaeilge agus a chur tús le Comhrá ’23 i mbliana. Gabhaimid buíochas speisialta le Máistreas Bairbre a bhí ag obair leis an choiste i dtreo na hócáide seo. Mar a tharla, chuir Nuacht TG4 spéis sa scéal agus mír nuachta craolta acu (Is féidir breathnú anseo 17.40 – 19.48)

Bhí triúr ag obair mar mhná tí – daltaí Ardteiste; Éadaoin, Danielle agus Sarah. Bhí triúr eile mar theicneoirí agus ag déanamh cinnte go raibh fuaim agus físeán i gceart – daltaí idirbhliana; Stephen, Luka agus Aisling. Ar ndóigh, bhí go leor eile i mbun cainte ar thopaicí éagsúla.

Cuireadh tús spleodrach le Comhrá ‘23 agus oifigigh ón choiste ag cur síos ar bhuaicphointí na bliana anuraidh mar aon le plé ar an mhéid beartaithe i rith na bliana reatha. Bhí daltaí idirbhliana ag cur síos ar an cheoldráma atá le cur ar stáitse acu i gceann míosa agus daltaí ón chéad bhliain ag cuimhneamh ar thuras scoile iontach a bhí acu le déanaí i gCeapach na gCapall. Bhí deis ag scoláirí eile gabháil siar ar bhóithríní na smaointe agus iad ag cur síos ar an spraoi a bhí acu ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht.

Cinnte, bhí neart plé ar imeachtaí éagsúla a bhíonn ar siúl sa scoil. Níl aon amhras ach go raibh cúrsaí spóirt le plé go forleathan – peil, sacar, rugbaí, cispheil agus eitpheil ach go háirithe. Bhí ionadaíocht ó fhoireann ‘Raidió an Eachréidh’ agus uathu siúd gníomhach le ‘TechFéile’ ar an láthair le léargas a thabhairt ar an obair cheannródaíochta déanta i gcúrsaí teicneolaíochta trí mheán na Gaeilge.

Cuireadh clabhsúr le seisiún an choláiste le Comhrá ’23 agus an príomhoide i láthair ag cur síos ar an dea-scéal go bhfuil Campas Gaelach úrnua le tógáil go luath – rud a chuirfidh go mór le fás an ghaeloideachais sa chomharsanacht.

Déanaimid beart de réir ár mbriathra anois!