Deireadh na Scoilbhliana ceiliúrtha ar Inis Mór

Bhí an t-ádh dearg ar lucht na cúigiú bliana turas a thabhairt go hInis Mór an tseachtain seo. A bhuí le Seán Ó Briain, Múinteoir Lisa agus Príomhoide Sinéad, bhí neart spraoi acu agus iad ag stopadh thar oíche ar an oileán.

Bhí go maith is ní raibh go holc

 

 

Clabhsúr na Scoilbhliana – Bliain 1 & Bliain 2

Bhí an lá deireannach ‘scoile‘ 22/23 ag daltaí (Bl.1 & Bl.2) agus iad ar thuras go ‘Emerald Park‘. Cinnte, bhí a leithéid tuillte go maith acu agus bliain na hoibre is scrúduithe an tsamhraidh curtha i gcrích acu. Is dócha go gcuimhneoidh siad go deo ar an spraoi uile a bhí acu ar an lá agus ceithre uair a chloig caite acu i mbun marcaíochtaí siamsaíochta. Tá súil againn go mbainfidh cách an-taitneamh as laethanta saoire an tsamhraidh agus cuirfimid fáilte mhór rompu ar fad don scoilbhliain 23/24.

Is mór an cúnamh lá breá!

Buaiteoirí ag Seó Bhaile Átha an Rí

Bhí tallann na n-ealaíontóirí óga aitheanta ag Seó Talmhaíochta Átha an Rí agus scoláirí Bl.1 & Bl.2 ón choláiste rannpháirteach i gcomórtais ealaíne. Bronnadh an chéad áit ar bheirt i gcomórtais éagsúla agus an tríú áit ar bheirt eile. Pictiúr thuasluaite – an féidir na buaiteoirí 3ú áit a scagadh ó bhuaiteoirí 1ú áit?

First and second year students’ artwork was highly complemented at Athenry Agricultural Show recently with two First prize winners and two Third prize winners. Comhghairdeas leo uile!

Tagann gach ceird le cleachtadh