Ar ais sa Mheánaois

Bhí lá iontach ag scoláirí na hidirbhliana agus iad ar thuras chuig Ionad Oidhreachta Átha an Rí. Bhí deis acu a bheith i gcomórtas lena chéile i mbun saighdeoireachta. Ansin, d’fhoghlaim siad fá thionchar na Normannach in Éirinn trí dhrámaíocht is iad gléasta i bhfeistis meánaoise. Neart staire foghlamtha taobh amuigh den tseomra ranga.

Idirbhliain students had a great time when they visited the Athenry Heritage Centre. They had the opportunity of competing with each other in archery and then they dressed in costume learning about the Normans. A history lesson outside the classroom.

Is maith an scéalaí an aimsir

 

Peil Faoi 15 – Cluiche Ceannais

Bhí bliain nach beag ag buachaillí an Eachréidh sa pheil (faoi 15). D’éirigh leo cluiche ceannais Chonnachta a bhaint amach agus imríodh an cluiche sin an tseachtain seo. Caithfidh a rá go bhfuilimid iontach bródúil astu ar fad as an mhéid atá curtha i gcrích acu mar fhoireann óg. Faraor, ní féidir gach cluiche a thabhairt leat agus b’amhlaidh an scéal sa chluiche ceannais seo. Neart foghlamtha i mbliana, áfach, agus beidh siad ar ais arís ar an bhliain seo chugainn! Beidh lá eile ag an Eachréidh!

Coláiste an Eachréidh     1 : 5          Coláiste Chilleáin Naofa, Cnoc Breac    2 : 7