Skip to content

Peil Faoi 15 – Cluiche Ceannais

Bhí bliain nach beag ag buachaillí an Eachréidh sa pheil (faoi 15). D’éirigh leo cluiche ceannais Chonnachta a bhaint amach agus imríodh an cluiche sin an tseachtain seo. Caithfidh a rá go bhfuilimid iontach bródúil astu ar fad as an mhéid atá curtha i gcrích acu mar fhoireann óg. Faraor, ní féidir gach cluiche a thabhairt leat agus b’amhlaidh an scéal sa chluiche ceannais seo. Neart foghlamtha i mbliana, áfach, agus beidh siad ar ais arís ar an bhliain seo chugainn! Beidh lá eile ag an Eachréidh!

Coláiste an Eachréidh     1 : 5          Coláiste Chilleáin Naofa, Cnoc Breac    2 : 7