Seo an saol ríoga mar a bhí tuillte ag na mná uaisle seo in aimsir na Normannach in Éirinn!
Bhí lá iontach ag scoláirí na hidirbhliana agus iad ar thuras chuig Ionad Oidhreachta Átha an Rí. Bhí deis acu a bheith i gcomórtas lena chéile i mbun saighdeoireachta. Ansin, d’fhoghlaim siad fá thionchar na Normannach in Éirinn trí dhrámaíocht is iad gléasta i bhfeistis meánaoise. Neart staire foghlamtha taobh amuigh den tseomra ranga.
Idirbhliain students had a great time when they visited the Athenry Heritage Centre. They had the opportunity of competing with each other in archery and then they dressed in costume learning about the Normans. A history lesson outside the classroom.
Is maith an scéalaí an aimsir
Cé atá ag teacht i gcoróin?
Ólaigí ár sláinte a chairde!
Ar leataobh – dearmad déanta ag an ridire seo fá na Crosáidí!
Ridirí réidh le dul i mbun cogaíochta
Nach breá an duine é!
An raibh siad riamh chomh sásta sin sa mheánaois?
Gléasta i gceart anseo
Is fearr súil romhat ná dhá shúil i do dhiaidh!
Seo an saol!
Beidh ról ag gach uile duine sa mheánaois
Thuas seal thíos seal! Sin mar a bhí sa Mheánaois
Banphrionsaí meánaoiseacha!
Rud éigin iontach suimiúil ag titim amach ansin thall
Sona sásta anseo gan stró!
Coróin caillte ag banphrionsa anseo?
An bhfuil sibhse ag fanacht orainn?
Páidrín eile le rá leaids
Luigh siar le bolg lán
Is iomaí scéal a bhí ag an duine seo fadó!
Ar ghlúin amháin – sin an áit dó!
Ridirí ag glacadh an saol go réidh
Beirt bhean uasal!
Cad atá ag tarlú?
Dianmhachnamh le déanamh anseo
Ceacht ón Mheánaois – Triúr nach féidir mná a thuiscint: fir óga, seanfhir agus fir mheánaosta!
Foireann peile (faoi 15) a bhí ag imirt i gcluiche ceannais Chonnachta le déanaí
Bhí bliain nach beag ag buachaillí an Eachréidh sa pheil (faoi 15). D’éirigh leo cluiche ceannais Chonnachta a bhaint amach agus imríodh an cluiche sin an tseachtain seo. Caithfidh a rá go bhfuilimid iontach bródúil astu ar fad as an mhéid atá curtha i gcrích acu mar fhoireann óg. Faraor, ní féidir gach cluiche a thabhairt leat agus b’amhlaidh an scéal sa chluiche ceannais seo. Neart foghlamtha i mbliana, áfach, agus beidh siad ar ais arís ar an bhliain seo chugainn! Beidh lá eile ag an Eachréidh!