Agus deireadh na bliana ag teannadh linn, ba mhaith linn an deis a thapú comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na cailíní óga a d’imir go hiontach i gcomórtais éagsúla i rith na bliana. Seo a leanas achoimre de na buaicphointí:
- D’éirigh leo le déanaí i gcoinne Scoil Phobail Mhic Dara Carna agus an chéad áit a bhaint amach i nGrúpa an Chontae!
- I gcluiche ceannais an Chúige, bhí siad in iomaíocht i gcoinne Scoil Chroí Naofa, Cathair na Mart, Co. Maigh Eo. Bhí dian-choimhlint ann agus ní raibh ach dhá phointe sa difear ar scór 30 in aghaidh 28. ‘Tá gar dó chomh fada uaidh is a bhí riamh’ a deir an seanfhocal agus Coláiste an Eachréidh sa dara áit. Boinn airgid tuillte go maith acu is bronnta orthu uilig – muid thar a bheith bródúil astu – éacht iontach curtha i gcrích acu gan amhras!
- D’imir na cailíní mar fhoireann speisialta i rith na bliana. Léirigh siad carachtar agus thacaigh siad go mór lena chéile. Gan dabht, tá spiorad iontu, ina gcumas inspioráid a thabhairt dá chéile. Nuair a bhí duine acu in ísle brí, bhí duine eile i gcónaí ina measc ag léiriú ceannaireachta le spreagadh sa bhreis a thabhairt.- Cinnte, beidh siad ar ais 23/24!
Congratulations to our amazing Junior Girls basketball team on their recent achievements over the year:
- They emerged victorious against Scoil Phobail Mhic Dara Carna, securing the top spot in the County group.
- In the Connaught final, our girls faced off against the winners of the Mayo Region, Westport , an intense battle that ended with a close score of 30 to 28 in favor of Westport, earning our team silver medals. The game was a nail-biter from start to finish, and our girls displayed incredible spirit and bravery during the game.
- We are immensely proud of their achievements, and their journey throughout this tournament has been nothing short of inspiring., and we are really looking forward to their bright basketball future