Skip to content

Ard-Fheis na nÓg i nGaoth Dobhair

Thug ionadaíocht ón Choláiste aghaidh ar Ghaoth Dobhair ar na mallaibh – áit a raibh Ard-Fheis na nÓg ar siúl. Bhí an ócáid seo eagraithe go speisialta ag Conradh na Gaeilge agus bhí neart spraoi acu ag an am céanna. Bhí scoláirí dara-leibhéal tagtha le chéile ó fud fad na hÉireann agus fuaireadar deis aithne a chur ar a chéile. Bhain na daltaí uile an-taitneamh go deo as cluichí éagsúla agus as ceilí an tráthnóna sin. Bhí na daltaí lárnach agus gníomhach i gceardlanna éagsúla agus bhuail siad le toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge ó Dháil Éireann.

Táimid thar a bheith buíoch  do mhúinteoir Nóra a ghlac an t-am le bheith i gcuideachta na ndaltaí ón choláiste. Cinnte, táimid iontach bródúil as gaeil óga an Eachréidh agus ní bréag a rá ach go raibh ionadaíocht láidir ar an láthair i dTír Chonaill. Thug Culann óráid iontach ó thaobh na Gaeilge, na hacmhainní atá ar fáil don ardteist agus na meáin shóisialta. Leag sé béim faoi leith ar an mbealach gur fúinne atá sé an Ghaeilge a úsáid agus go bhfuil pobal láidir Gaeilge ann. Chuaigh a chuid cainte i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta. Rinne sé agallamh le TG4 agus bhí sé ar Bharrscéalta agus é ag nochtadh a chuid tuairimí. Is fiú cluyas a thabhabhirt le hgéisteacht don phodchraoladh ón chlár anseo.

Thanks to múinteoir Nóra, Coláiste an Eachréidh had great representation at Conradh na Gaeilge’s forum for second level students in Gaoth Dobhair recently.

Gaeil Óga an Eachréidh abú!