Skip to content

Féile na gComhairlí

Bhí ócáid speisialta eagraithe le deireannas chun nascanna a chruthú idir na meánscoileanna lán-ghaelacha i gcontae na Gaillimhe. Tugadh cuireadh d’ionadaithe Chomhairlí na nDaltaí ó gaelcholáistí freastal ar ‘Feile na gComhairlí’ i gColáiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. Bhí ionadaíocht ann ó trí choláiste: Coláiste an Eachréidh, Coláiste Cholmcille & Coláiste na Coiribe.

Le fírinne, neartaíodh an caidreamh idir na scoileanna agus iad tagtha le chéile ar aon láthair amháin agus b’iontach an rud é go raibh seans ag daltaí a gcuid tuairimí a roinnt le chéile. Is cosúil go raibh moltaí roinnte go fláithiúil lena chéile fá na féidireachtaí éagsúla go dtiocfadh leo a chur i bhfeidhm. Ba léir gur tugadh cluas le héisteacht do ghuth na ndéagóirí óga ach níos tábhachtaí fós, bhí siad ag foghlaim óna chéile. Cuimhnítear gurbh iad seo ceannairí an lae amáraigh agus is fiú go mór go mbíonn deis acu forbairt. Cinnte, le plé, cluichí agus pizza, bhí cairdeas cruthuithe is treisithe idir na daltaí go léir agus an Ghaeilge spreagtha ina measc.

Student Council representives gathered in Coláiste na Coiribe to learn from each other, exchanging ideas, sharing stories, playing games and eating Pizza – All very worthwhile, of course!

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!