Bhí na buachaillí seo lán croí agus anama ag ‘Lá Gairme na Gaeilge’
Tuairiscíodh blúiríní eolais faoi ‘Lá Gairme’ a bhí eagraithe ag ‘Gaeilge Locha Riach’ le deireannas (féach anseo). Seo roinnt grianghrafanna a ghlacadh ar an lá agus gach cuma go bhfuil scoláirí an Eachréidh dáiríre tabhairt faoi ghairmeacha le Gaeilge:
Cluas tugtha le héisteacht ag déagóirí an Eachréidh agus neart le foghlaim acu
Bhí na buachaillí seo lán croí agus anama ag ‘Lá Gairme na Gaeilge’
Seo cuid de na daltaí a d’fhreastail ar ‘Lá Gairme’ eagraithe ag ‘Gaeilge Locha Riach’
Croí agus anam ag na cailíní seo sa Ghaeilge
Choinnigh na Gardaí smacht ar chúrsaí agus plé déanta ar na dualgais a bhíonns acu
Tá buntáistí go leor ag na Gaeil Óga!
Comhairle Chontae na Gaillimhe agus cúraimí stáit le láimhseáil go háitiúil.
Beagan a rá agus ráite go maith ag Páidí Ó Lionáird
Comhairle go leor tugtha do scoláirí ag aoichainteoirí ag ‘Lá Gairme’
Seo an fhoireann eitpheile a bhain amach babhta leathcheannais na hÉireann ar na mallaibh- Comhghairdeas leo!
Caithfidh a admháil go raibh bliain den scoth ag cailíní Bl.2 i gcomórtas eitpheile na hÉireann. D’éirigh leo dul chun cinn iontach a dhéanamh ó thús na bliana agus sháraigh siad go leor dúshláin le bheith cáilithe i mbabhtaí leathcheannais na tíre. Is fiú go mór a mbuanna a cheiliúradh agus iad anois aitheanta ar leibhéal náisiúnta. Cinnte, tá fás is forbairt tagtha orthu mar fhoireann i mbliana agus níl aon amhras ach go mbeidh siad ag feabhsú leo sa todhchaí.
Gabhaimid buíochas le Máistreas Gearóidín agus le Máistir Sean Ó Briain a bhí i mbun oiliúna agus ag tacú leo i rith an ama. Táimid iontach bródúil as an mhéid atá bainte amach ag an fhoireann. Ar ndóigh, tuigtear nach féidir gach cluiche a thabhairt leo ach nach iomaí ceacht atá foghlamtha acu i rith an chomórtais 2022/23. Guímid gach rath orthu sna blianta amach rompu – beidh siad ar ais arís!
We are very proud of the achievements of Bl.2 Cailíní in Volleyball Ireland having competed as far as semi-finals and winning national recognition.
Is fearr anois súil romhaibh ná dhá shúil i bhur ndiaidh!