Skip to content

Iomaíocht Eitpheile

Caithfidh a admháil go raibh bliain den scoth ag cailíní Bl.2 i gcomórtas eitpheile na hÉireann. D’éirigh leo dul chun cinn iontach a dhéanamh ó thús na bliana agus sháraigh siad go leor dúshláin le bheith cáilithe i mbabhtaí leathcheannais na tíre. Is fiú go mór a mbuanna a cheiliúradh agus iad anois aitheanta ar leibhéal náisiúnta. Cinnte, tá fás is forbairt tagtha orthu mar fhoireann i mbliana agus níl aon amhras ach go mbeidh siad ag feabhsú leo sa todhchaí.

Gabhaimid buíochas le Máistreas Gearóidín agus le Máistir Sean Ó Briain a bhí i mbun oiliúna agus ag tacú leo i rith an ama. Táimid iontach bródúil as an mhéid atá bainte amach ag an fhoireann. Ar ndóigh, tuigtear nach féidir gach cluiche a thabhairt leo ach nach iomaí ceacht atá foghlamtha acu i rith an chomórtais 2022/23.  Guímid gach rath orthu sna blianta amach rompu – beidh siad ar ais arís!

We are very proud of the achievements of Bl.2 Cailíní in Volleyball Ireland having competed as far as semi-finals and winning national recognition.

Is fearr anois súil romhaibh ná dhá shúil i bhur ndiaidh!