Bhí Lá Gairme eagraithe go speisialta ar son daltaí meánscoile in Oirthear na Gaillimhe ar na mallaibh. Tugadh léargas do na scoláirí uile maidir le réimse na bpostanna éagsúla a bheadh ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge. Tuigtear gur fhreastail breis agus céad scoláire ar an ócáid seo san Óstán i mBaile Locha Riach a bhí eagraithe ag ‘Gaeilge Locha Riach‘. (tuilleadh eolais)
Caithfidh a rá gur iomaí rogha a bhí curtha i láthair ar an lá agus go dtuigtear go maith gurbh fhiú go mór dianmhachnamh a dhéanamh i dtaobh slíte beatha difriúla le Gaeilge sna blianta amach rompu. Ní hamháin go raibh aoichainteoirí breá sásta iad féin a chur i láthair ar an lá ach bhí seastáin ó eagraíochta agus ó choláistí tríú leibhéal ann chomh maith. Cinnte, tá go leor deiseanna agus neart oibre ar fáil i saol na Gaeilge.
‘Lá Gairme‘ – A very successful careers’ open day was recently organized by Gaeilge Locha Riach in Loughrea. Both Idirbhliain and Bliain 5 students from Coláiste an Eachréidh attended this special event and learnt how they might well take advantage of a wide range of jobs ‘le Gaeilge‘.
Molann an obair an duine!