Skip to content

Coiste Gaeilge réidh do Sheachtain na Gaeilge

Bhí an Coiste Gaeilge sa choláiste thar a bheith gnóthach i mbun ullmhúcháin le tamall anuas iad ag eagrú sraith imeachtaí le haghaidh Sheachtain na Gaeilge.

De réir mar a thuigimid, tá clár imeachtaí den scoth eagraithe acu idir 1 – 16 Márta agus iad ag ceiliúradh ár dteanga agus ár gcultúr sa choláiste is i measc phobal Bhaile Átha an Rí. Ar ndóigh, ní hamháin go mbíonn imeachtaí ar son na Gaeilge ar siúl go forleathan ar fud na hÉireann ach ar fud na cruinne ar leibheál idirnáisiúnta ag an tráth seo den bhliain. Sin ráite, déantar ceiliúradh inár mbuanna sa Ghaeilge gach lá sa bhliain i gColáiste an Eachréidh ach iarracht bhreise an pobal uile a mhealladh le linn Sheachtain na Gaeilge.

I measc na himeachtaí eagraithe, beidh Filíocht Bheo, Seó Talainne, Siúl na nGael, Damhsa an Dreoilín, Lá Brataí agus neart eile. Cinnte, beidh an Coiste Gaeilge gníomhach faoi stiúir na múinteoirí Bairbre agus Nóra. Gach uile lá, beidh daltaí gnóthach sna seomraí ranga agus iad ag glacadh páirte i gcuid de na comórtais atá eagraithe ar leibheál náisiúnta. Chuige sin, beidh aistí, dánta, podchraoltaí agus saothair ealaíne idir lámha acu agus iad ag déanamh a ndícheall buanna na Gaeilge sa choláiste a léiriú.  Scaipfear an t-eolas uile ar scoláirí in am cuí.

An Coiste Gaeilge has been busy planning a wide range of activities to celebrate Seachtain na Gaeilge in the coláiste and in the wider community. Although every day is a ‘Lá Gaeilge’ in the coláiste, this is an opportunity to encourage everyone in the entire community to make that extra effort and celebrate our language and culture proudly.

Na Gaeil Abú!