Skip to content

Sábháilteacht ar Líne

Díreach agus an coláiste oscailte tar éis an sos lár-théarma, bhí sraith ceardlanna eagraithe do dhaltaí uile na scoile dírithe ar ‘Shábháilteacht ar line’ agus é faoi stiúir ag an saineolaí Jeremy Pagden.

Cuireadh síos ar na haipeanna éagsúla is coitianta atá ar fáil ar líne agus ar an stair bainte leo. Tugadh léargas ar conas go n-oibríonn na suíomhanna difriúla seo agus cé chomh tábhachtach agus atá sé machnamh a dhéanamh sula gcuirtear aon rud ar líne. Béimníodh tábhacht an chúraim seo agus cur síos déanta ar na dlíthe a bhaineann leis na meáin sóisialta. Cé go bhfuil sé le tuiscint go mbíonn daoine óga neamhspleách agus radacach ar uairibh, b’fhiú cuimneamh i gcónaí conas a bheith freagrach ar líne. Le fírinne, ceacht simplí a bhí ann conas a bheith cúramach ar líne, go háirithe mar dhéagóir. Ní fios cá huair go mbeidh seanscéalta is grianghrafanna áirithe aimsithe ag daoine amach anseo.  Cinnte, tá súil againn gur fhoghlaim na scoláirí ar fad faoi na modhanna inar féidir leo a bheith tuisceanach agus conas iad féin a choimeád slán sábháilte ar líne.

Students from First year to Leaving Cert. benefitted from workshops on Safety online with expert advice from Jeremy Payden. Certainly, very important lessons learnt about personal responsibility and the legal issues concerning the internet.

Ní cúram mar mhagadh é!