Lucht na hIdirbhliana agus na bodhráin cruthaithe, maisithe agus buailte go trom ag deireadh an lae
Bhí lá iontach ag scoláirí na hidirbhliana ag déanamh bodhrán le Micheál & Paul Vignoles. Bhain siad an-taitneamh as an taithí agus iad ag déanamh na mbodhrán ón tús. Bhí orthu an t-adhmad a ullmhú, na craicinn a chur orthu go teann, agus iad a mhaisiú lena rogha ealaíne féin. Cinnte, bhí deis ag gach duine acu rud éigin pearsanta a tharraingt agus a chruthú ar a bhodhrán féin. Ar ndóigh, roimh dheireadh an lae, bhí ceacht foghlamtha acu conas na bodhráin a bhuaileadh i gceart.
The transition year students had a great day making bodhráns with Micheál & Paul Vignoles. They really enjoyed the experience of making the bodhráns from the raw materials and were also able to make them very personal to themselves. They also should be able to keep a rhythm and a beat together now.
Bhí gleadhradh agus tormáil na ndrumaí ar an lá
Lucht na hIdirbhliana agus na bodhráin cruthaithe, maisithe agus buailte go trom ag deireadh an lae
Cúpla ceacht simplí tugtha conas na bodhráin a bhualadh
Nach iad atá bródúil as an mhéid atá cruthaithe acu
Fear óg sásta fógraíocht a dhéanamh ar son táirgí Diageo?
Saothar ealaíne den scoth cruthaithe gan amhras
Is iomaí ábhar spéise atá ag scoláirí an choláiste
Nach í atá cruthaitheach!
Cúram agus aird faoi leith tugtha i mbun a ceirde
Roinnt oibre i gceist – ní bhíonn bua gan dua!
Molann an obair an duine agus gach duine ag foghlaim óna chéile
Dearmad déanta fá na gabhair ar fad a bhí íobartha agus a gcraicinn curtha ar na bodhráin
Ná cuir isteach ar na leaids seo i mbun oibre
Níorbh fhada go mbeidh an bhean óg seo ag bualadh ceoil ar a bodhrán
Slua uile tosaithe i mbun oibre ar an adhmad
Páipéar gainimh thar a bheith úsáideach – adhmad deas mín go luath
Trian den obair ná tús a chur
Dhá thrian den obair ná cruth na hoibre a bheith ort