Skip to content

Buaiteoirí Náisiúnta – ‘Leading Lights’

Is fiú breathnú ar an scéal seo ar youtube anseo

Tá ríméad an domhain ar Choláiste an Eachréidh agus duais náisiúnta “Leading Lights” bronnta ar an scoil ag searmanas i mBaile Átha Cliath le deireannas. Le fírinne, bronnadh an t-aitheantas speisialta ar an choláiste as ucht feachtais scoile i leith shábháilteacht ar bhóithre a stiúradh go héifeachtach ó thús na scoilbhliana.

Thosaigh an feachtas le seachtain feasachta i leith shábháilteacht ar bhóithre, le ceardlanna ó na Gardaí, ó The Irish Road Victims Association agus ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Ó shin, bhí obair dhian idir lámha ag daltaí na hidirbhliana agus caithfidh a admháil go raibheadar iontach samhlaíoch ina gcuid oibre. Cuireadh bróisiúr scoile le chéile agus cruthaíodh cluichí úrnua le bheith in úsáid ag ceardlanna le bunscoileanna sa chomharsanacht. Faraor, bhí nascanna agus cairdeas speisialta neartaithe le Gaelscoil Riada agus seisiún cluichí & léitheoireachta déanta leo.

Tá rúin iontacha déanta acu don athbhliain freisin. Tá sé beartaithe ag daltaí na hidirbhliana Slí Sábháilte a dhearadh don scoil ina mbeidh raon de choiscéimeanna agus trasrian síogach péinteáilte sa chlós. Mar aon leis sin, cuirfear Polasaí ar chúlú carranna sa chlós i bhfeidhm.

Ba mhaith linn buíochas speisialta a ghabháil le múinteoir Lisa as ucht a tiomantais agus a comhairle sa tionscadal seo. Caithfidh a rá nach bhfuil uainn ach go mbeidh daltaí agus pobal uile na scoile slán sábháilte is sona i gcónaí. Dá bhrí sin, táimid thar a bheith bródúil as an am, iarracht agus as an gcroí a chuir daltaí na hidirbhliana san fheachtas seo. Is iontach linn go bhfuil a ndíogras aitheanta ar leibhéal náisiúnta. 

Worthwhile viewing this story on youtube here

Congratulations to all the work done by transition year students under the guidance of Múinteoir Lisa in promoting road safety awareness. This has been an ongoing campaign from the start of the school year and has now been recognized on a national level in that Coláiste an Eachréidh has recently been awarded “Leading Lights” in a ceremony in Dublin.

Comhghairdeas ollmhór leo.