Skip to content

Gradaim na Nollag ‘22

Tháinig scoláirí agus múinteoirí le chéile le ceiliúradh Gaisce na Nollag ’22 a chomóradh. Ócáid iontach a bhí ann ar mhaithe le buanna beaga is móra na scoláirí a cheiliúradh go ginearálta. Cruthaíodh atmaisféar speisialta agus daltaí i mbun ceoil, amhránaíochta agus damhsa faoi stiúir Mhúinteoir AnneMarie

Léirigh Príomhoide Sinéad gur iomaí bua atá ag scoláirí an Eachréidh, freastal den scoth ag go leor, daltaí a bhíonn ag obair go díograiseach ar scoil agus sa bhaile. Ní hamháin sin, mhínigh sí gur iomaí ceannaire agus Gael óg atá inár measc sa choláiste. Mar chomhartha aitheantais orthu siúd ar fad, bronnadh gradaim ar leith do roinnt daltaí ar son na Gaeilge, ar son a gcuid oibre leanúnaí, a gcuid tinrimh agus do scoláirí éagsúla a léiríonn tréithe ceannaireachta ar scoil. – Mar sin de – comhghairdeas le gach uile scoláire i gColáiste an Eachréidh.

As a token of respect to all students, a number of awards were presented to students for attendence, leadership skills, schoolwork and promoting Gaeilge during a musical Gaisce na Nollag ’22

Comhghairdeas libh ar fad