Skip to content

Féile Raifteirí sa Choláiste

Ar dtús, ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh comhghairdeas a ghabháil le Emmeline a ghnóthaigh an phríomhduais i gcomórtas filíochta ag Féile Raifteirí  a bhí eagraithe ag Gaeilge Locha Riach (tuilleadh eolais) i mbliana. Caithfidh a admháil go raibh dian-chomórtas ann le breis agus dhá chéad iontrála ann ó scoileanna ar fud Co. na Gaillimhe. Chuige sin, b’iontach an rud é go raibh ceathrar luaite ar ghearrliosta na mbuaiteoirí agus treislímid a mbua le Grace, Aoibhín, Enda agus Emmeline. Is fiú na dánta a léamh anseo: ‘Réalachas’ le Grace, ‘Ar Scoil’ le Aoibhín, ‘Donald Trump’ le Enda agus ‘Píosa Spraoi’ le Emmeline.

Mar aon leis an mhéid sin, d’éirigh le scoláirí an Eachréidh deis iontach a thapú agus daltaí idirbhliana ag ceardlann le Ray Mac Mánais ar ‘Lúibíní’. Tuilleadh eolais ar youtube anseo. Don chéad uair, tugadh blaiseadh dóibh ar an tseanré ársa seo.

Go n-éirí lenár scoláirí cruthaitheacha – Cuimhnímís gur beatha teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh.

 

Congratulations to our young poets shortlisted for Féile Raifteirí poetry competition and especially to Emmeline overall winner. Also thanks to Ray Mac Mánais for providing an inspiring workshop on ‘Lúibíní’. This is an annual festival organized by Gaeilge Locha Riach