Skip to content

Blas Milis ar Sheachtain Mhata

Níl aon amhras ach go raibh blas thar a bheith milis l’imeachtaí Sheachtain Mhata i mbliana agus neart dár scoláirí i mbun bácála. Bhí rogha gach bia curtha ar fáil acu siúd a bhí ag bácáil agus bhí cuma thar a bheith blasta ar na cístí beaga is móra a bhí curtha ar taispeáint. Ní hamháin sin ach léirigh siad buanna cruthaitheacha is samhlaíochta agus iad á maisiú. Gabhaimid buíochas leis na múinteoirí mata uile as an chomórtas a eagrú.

Bhí caighdeán an-ard le feiceáil, le boladh agus le blaiseadh as na hiarrachtaí cruthaithe ag na hiomaitheoirí ar fad. Tuigtear dúinn go raibh breis agus leathchéad scoláire in iomaíocht lena chéile sa chomórtas seo i mbliana.

Cinnte, bhí buanna cócaireachta iontacha léirithe ag gach uile duine a ghlac páirt. Bhí sé thar a bheith deacair ar na moltóirí cinneadh a dhéanamh idir na roghanna éagsúla curtha os a gcomhair agus tá moladh ollmhór tuillte ag gach uile duine a ghlac páirt. Faraor, bhí ar na moltóirí buaiteoirí a roghnú sa deireadh:

  • Dáithí  agus Mícheal  (Bl 1) 
  • Eva (Bl 2) 
  • Isobel (Bl 2) agus Sam (bl 4) 
  • Saoirse (Bl 2) agus Sarah (Bl 5) 
  • Alyssa, Emma, Sadhb agus Alannah (Bl 3) 
  • Emer agus Róisín (Bl 3) 
  • Ailbhe agus Ella (Bl 5) 

Maidir leis na cístí beaga is móra iad féin, is cosúil nár mhair siad i bhfad óir níor thainig oiread agus ceann amháin slán ón slad a rinneadh orthu tar éis an chomórtais. Is maith an rud go raibh grianghrafanna glactha ar an lá mar fhianaise stairiúil go raibh siad beo in aon chor. Leoga, ní raibh seans dá laghad ag cáca ar bith imeacht as dáta.

Congratulations to all of the participants of Seachtain Mhata baking competition. A special word of congrats goes out to the overall winners listed above.