Skip to content

Treoir ó na Gardaí

Cosc a chur ar mhaithe le sláinte!

Tháinig Emmet Major, garda ar cuairt ar an choláiste chun labhairt le daltaí na idirbhliana faoi shábhailteacht maidir le drugaí agus alcól. Thuig sé go maith an dóigh go mbíonn piarbhrú go minic i gceist maidir le déagóirí a mhealladh i dtreo a leithéid a úsáid ar dtús. Ar an ábhar gur leor nod don eolach, chreid sé gur cheart a chuid  saineolais a roinnt leis na scoláirí. Léirigh sé an tionchar atá ag alcól agus drugaí ar shláinte fisiciúil, ar intinn agus ar mheabhairsláinte an duine. Thug sé léargas ar na dlíthe a bhaineann le alcól sa bhaile agus sa phobal. Tarlaíonn sé go minic go mbíonn duine i gcruachás go fisiciúil nó go gcruthaítear fadhbanna móra airgeadais. Más rud é go mbeadh éinne riamh i ngábh, thug sé le fios conas deileáil le duine i ndrochchaoi.

Agus a chuid ráite aige, ní raibh gíog ná míog le cloisteáil sa tseomra. Ba léir go ndeachaigh an teachtaireacht go mór i bhfeidhm ar a lucht éisteachta. Níorbh é go raibh sé i gceist aige geit a bhaint as lucht na hidirbhliana ná iad a scanrú ach go díreach iad a chur ar an eolas conas a bheith sábháilte amach anseo.

Students of Cólaiste an Éachraidh learned very important information about the dangers involving the use of drugs and alcohol for both young and old.

Garda Emmet Major truly opened the eyes of the Cólaiste students with this life changing workshop.

Contúirt mhór an creideamh caoch!