Skip to content

Turas den Scoth ag Bliain 1

A gcéad turas le Coláiste an Eachréidh – Bliain 1 22/23

Bíonn siúlach scéalach a deirtear agus is iomaí scéal atá ag lucht na chéad bliana i ndiaidh dóibh turas thar oíche a chaitheamh in iarthair na Gaillimhe. Cinnte, bhí neart imeachtaí idir lámha acu agus iad gníomhach i rith an ama.

Bhí turas mórthimpeall Chonga agus iad ag dul ar cuairt ar shuíomhanna stairiúla is ag foghlaim fá dhúlra na háite ar an teorann idir Ghaillimh agus Maigh Eo. Bhí rogha gach bí curtha ar fáil dóibh san Óstán sular thug siad faoin bhóthar arís. Nuair a bhí na boilg líonta, thug siad aghaidh ar na coillte agus iad treoraithe chomh fada leis an Fhairche. Chaith siad ceithre uair a chloig ag spaisteoireacht thart agus bhí deis acu dul faoi thalamh go ríocht rúnda na sióg sna uaimheanna ag Poll na gColm.

An tráthnóna sin agus a ngoile líonta arís, luíodar siar le boilg lána cois tine.  Oíche airneáil a chaitheadar i mbun scéalaíochta, ag casadh amhrán agus ag cogaint ar leamhacháin a bhí rósta ar an tine acu. Choinnigh siad comhluadar le chéile faoi réalta na hoíche go dtí go raibh an bua ag an tuirse orthu.

An mhaidin dar gcionn, thugadar faoi na cadhcanna agus na canúnna ar loch. Cinnte, cuireadh a scileanna badóireachta faoi thriail anseo agus is beag duine a tháinig slán tirim go bruach an locha faoi dheireadh an lae.

Turas den scoth go cinnte ag lucht na chéad bliana agus súil againn go mbeidh neart turas linn i gColáiste an Eachréidh. Tá neart pictiúr le feiceáil thíos mar chruthúnas ar an turas.

Having had an overnight stay at Ceapach na gCapall (Petersburg) adventure centre, having an interesting tour of historical Cong, going for a four hour stroll through the woods, exploring the Pigeon Hole caves, kayaking, canoeing and sitting by the fire under the stars – it seems the first year students of Coláiste an Eachréidh really enjoyed themselves. If a picture paints a thousand words, happy reading through the pictures below.