Skip to content

Glas na Gaeilge

Bhí spórt maith ag daltaí ar son Sheachtain na Gaeilge

Bhí deis ag daltaí i gColáiste an Eachréidh roinnt imeachtaí a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge. Ar mhaithe leis an ócáid a cheiliúradh mar phobal scoile, bhí idir mhúinteoirí agus daltaí gléasta glas. Lena chois sin, bhí beagnach trí chéad duine amuigh ag rith nó ag siúl mórthimpeall Bhaile Átha an Rí agus is cinnte gur tharraing siad aird an phobail orthu féin dá bharr. Cuireadh clabhsúr leis an imeacht seo agus Ceilí Mór ar siúl in halla na scoile.

Mar aon leis an mhéid sin, d’eagraigh Cumann Óige Átha an Rí imeacht speisialta Filíocht Bheo ina raibh daltaí idirbhliana ag aithris idir fhilíocht agus amhránaíocht ó liosta na Sraithe Sóisearaigh. Caithfidh a rá go raibh rogha leathan filíochta agus amhránaíochta curtha de ghlanmheabhair ag na daltaí seo. Caithfidh a admháil go raibh cuid de na hamhráin is na dánta seo cúpla chéad bliain d’aois agus cuid eile nua-aimseartha. Ar ndóigh, bhain an lucht éisteachta (80 dalta ó Ghaelscoil Riabhach) an-sult is tairbhe as a bheith ag éisteacht le hamhráin traidisiúnta, dánta ársa, amhráin pop agus rap fiú.

Lena chois sin, ghlac ceithre fhoireann páirt i gcomórtas Tráth na gCeist do Mheánscoileanna a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge i mBéal Átha na Slua agus bhí a thuilleadh rannpháirteach i gcomórtas náisiúnta Feachtas i mBaile Átha Cliath. Cinnte, bhí buaiteoirí ina measc chomh maith.

Coláiste an Eachréidh students recently marked Seachtain na Gaeilge dressing up in green and running and walking around Athenry, having a céilí mór, reciting poetry and song during Filíocht Bheo and taking part in quizzes organized by Conradh na Gaeilge and Feachtas. Both staff and students are very proud of being part of a Gaelcholáiste. Beirigí Bua ar son na Gaeilge!