Skip to content

Eipheil Arís

Idir lucht imeartha agus tacaíochta, tá na cailíní thar a bheith díograiseach.

Bhí idir bhuachaillí agus chailíní sóisearacha gníomhach i gcomórtais eitpheile le deireannas.

Ghlac tuairim is 25 cailín ó Bhliain 1 & 2 páirt i séasúr eitpheile sóisear i mí Eanáir & mí na Feabhra. Bhí blitzchomórtais ag na cailíní i mBaile Locha Riach agus i Ros Comáin le linn an tséasúir. Tá leibhéal spéise san eitpheil i measc na gcailíní ag méadú bliain  i ndiaidh bliana.
Maidir leis na buachaillí sóisearacha, ghlac buachaillí Bliain 1 & 2 páirt i gcomórtas eitpheile sóisear le déanaí. Bhí ardspraoi acu ag imirt i gcoinne foirne ó Ghaillimh, ó chontae an Chláir agus ó Ros Comáin. Léirigh buachaillí Bliain 1 fíorspéis san eitpheil i mbliana agus is comhartha iontach é sin do thodhchaí eitpheil na mBuachaillí sa Choláiste.
Is cinnte go bhfuil díogras na gcailíní agus na buachaillí seo le moladh go hard. Go n-éirí libh.
Both boys and girls had a busy volleyball season of late. Pupils from Bliain 1 & 2 taking part in a range of competitions and showing great promise. Beirigí Bua