Skip to content

Scileanna do Scoláirí

Bhí réimse leathan ceardlanna eagraithe le deireannas ar mhaithe le scileanna éagsúla a fheabhsú do scoláirí i gColáiste an Eachréidh.

Bhí an deis ag scolairí sinsearacha cur lena scileanna cruthaíochta mar scríbhneoirí scripte agus Darach Mac an Iomaire ar cuairt. Is cosúil gur tugadh léargas don ghrúpa conas tabhairt faoi script gearrscannáin a scríobh agus ní fios, seans go mbeidh cuid dá saothar le feiceáil amach anseo.

Chaith comhlacht ghairmiúil lá iomlán i gcuideachta le scoláirí Bliain 2 & Bliain 5 agus iad ag tabhairt faoi mholtaí ar leith conas tabhairt faoi staidéar i gceart. Cinnte, beidh scileanna staidéir fíor-riachtanach agus daltaí ag tabhairt faoi scrúdaithe stáit!

Mar aon leis an mhéid sin, tugadh léargas do gach uile dalta sa scoil ar chúrsaí sábháilteachta ar líne. Ar ndóigh, caithfidh cách a bheith ar an eolas maidir leis na contúirtí gur féidir a bheith ann dúinn ar fad agus muid ag tonnmharcaíocht ar líne. Ní amháin go raibh deis ag scoláirí foghlaim fá na contúirtí atá i gceist anseo leis na meáin sóisialta is eile ach bhí oíche speisialta eagraithe do thuismitheoirí ar an topaic chomh maith.

Coláiste an Eachréidh recently organized a series of various workshops for students and parents dealing with improving students’ creative writing skills, study techniques and safety issues on-line.