Skip to content

Eitpheil na hÉireann

Foireann uile-Éireann: Marc, Culann, Evan, Daithí, Cianna, Emily, Leah, Kate & Amy

Caithfidh comhghairdeas ó chroí a ghabháil le foireann buacach ó Choláiste an Eachréidh a chuaigh ar aghaidh le páirt a ghlacadh sa chomórtas náisiúnta i gCill Chainnigh le deireannas.

Éacht nach beag a bhí ann don scoil foireann a chur le chéile le bheith in iomaíocht ar leibhéal náisiúnta go cinnte.  Is faoi stiúir Mhúinteoir Donncha agus Múinteoir Mary go ndeachaigh an fhoireann go Cill Chainnigh is gur ghlac siad páirt sa bhabhta ceannais ansin.

Foireann measctha idir bhuachaillí agus cailíní ó Bhliain 2 a bhí gníomhach san fhoireann bhuacach seo i mbliana. D’éirigh go hiontach leo óir bhain siad amach an cluiche ceannais ach faraor, níor éirigh leo craobh uile- Éireann a bhaint amach. Sin ráite, an dara áit in Éirinn agus boinn airgid tugtha abhaile leo. (Tuilleadh eipheil, cliceáil anseo.)

Congratulations to 2nd Year Volleyball team who arrived home all-Ireland silver medalists. Comhghairdeas libh ar fad!