Skip to content

Eolaithe Óga / Young Scientists

 

Bhí Seachtain Eolaíochta ar siúl i gColáiste an Eachréidh le deireannas agus réimse leathan imeachtaí eagraithe le díriú ar chúrsaí eolaíochta go háirithe. Bhí sé mar aidhm ag na múinteoirí eolaíochta suim a mhúscailt i bpobal na scoile ar fad maidir le réimsí eolaíochta trí eachtraí idirghníomhacha, suimiúla agus grinn.

Le linn na seachtaine tháinig Dochtúir na bPéisteanna ar cuairt agus créatúir éagsúla ina chuideachta a chur cáithíní ar chraiceann na scoláirí.

Tháinig Liam Brennan, aoichainteoir speisialta ó NCBES, Ollscoil na Gaillimhe, agus thug sé léargas iontach do dhaltaí Ardteiste agus i mBliain 5  maidir leis na forbairtí is nua-aimseartha atá ag tarlú i gcúrsaí innealtóireachta agus i mbithleighleas ach go háirithe.

Mar aon leis an mhéid sin, bhí deis ag daltaí sa chéad bhliain ‘The First Man’ a fheiceáil sa phictiúrlann agus seans ag na daltaí sóisearacha Sláthach Oilimpeach a chruthú agus súgradh leis sna ranganna eolaíochta.

Cinnte, d’éirigh go hiontach leis na himeachtaí uile agus neart i dtaobh chúrsaí eolaíochta foghlamtha!

The latest scientific technological advances from NUIG, a Doctor of Bugs and Pests, the first man on the moon and Olympic Slime were some of the highlights of the recent Seachtain Eolaíochta (Science Week) organized by the science teachers of Coláiste an Eachréidh. Certainly very entertaining way to learn about the world of Science. Gach duine i bhfad níos eolaí dá bharr!