Skip to content

Bródúil is ildaite!

Bhí seachtain imeachtaí thar a bheith spéisiúil i gColáiste an Eachréidh ar mhaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar éagsúlacht an duine agus aitheantas a thabhairt don phobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach (LADT).

Tháinig cainteoirí le cúrsaí LADT a phlé leis na scoláirí, bhí díolacháin cistí, cruinnithe eagraithe, aghaidheanna péinteáilte agus lá gan éide scoile ina raibh idir scoláirí agus múinteoirí gléasta ildaite.

Coláiste an Eachréidh recently held a week full of activities in celebration of the Lesbian, Gay, Bisexual and Transgender (LGBT) community. Nach iontach an éagsúlacht!