Skip to content

TY Spikeball Coaching

After 6 weeks coaching with 2 local primary schools, TY students organised a very enjoyable and successful day for 5th & 6th class pupils from Gaelscoil Riada and Scoil Chroí Naofa.

Arís i mbliana, ghlac cailíní na hidirbhliana páirt sa chlár cóitseála ‘VAI TY Girls Spikeball Leaders Award Programme’ ar feadh 6 seachtaine i mí Dheireadh Fómhair agus Mí na Samhna. Chuile Dhéardaoin, d’fhreastail na cailíní ar dhá scoil áitiúil, Gaelscoil Riada agus Scoil Chroí Naofa, agus chóitseáil siad Spikeball do dhaltaí rang a cúig agus rang a sé. Bhain gach duine, idir chóitseálaithe agus dhaltaí an-spraoi agus tairbhe as an gclár. Ag deireadh an chláir, phleanáil na cailíní Blitz spraiúil, agus cuireadh ar siúl é i halla na Gairmscoile go luath i mí na Nollag. Bhí an-eagar ar an ócáid, agus bhí gach duine an-sásta leis an lá. Ba chóir go mbeadh na cailíní thar a bheith bródúil astu féin agus as an obair mhór a rinne siad leis na daltaí le cúpla mí anuas. Maith sibh Ailbhe, Deirdre, Eileen, Emily, Eve, Hannah, Hermione, Jenny, Jessica, Molly agus Sadhbh. Nár lagaí Dia sibh!