Skip to content

SCLÉIP – Ceol & Damhsa!!!

Scléip 2017

Coláiste students excel again!

Arís i mbliana tá talann ceoil agus damhsa na ndaltaí le feiceáil ar stáitse, an tseachtain seo caite bhí an ceoldráma, Back to the 80s, á léiriú i Halla an Phobail, Baile Átha an Rí. Inniu ba sa ‘Town Hall’ a thug na daltaí taispeáintais den scoth arís – cuid mhaith acu cáilithe do na babhtaí naisiúnta.

Buíochas mór le múinteoir Úna as iad a ullmhú. Cliceáil thíos le féachaint ar na daltaí / click below to view performances

Féach fhíseáin/ View Performances

Táimid an-bhródúil as 10 iomaitheoir, idir grúpaí agus ceoltóirí aonair, ó Choláiste an Eachréidh a ghlac páirt sa réamhbabhta den chomórtas ’Scléip’ ar an 21/11/2017. Chuir siad a chroí agus a anam isteach sna comórtais, idir damhsa, amhránaíocht, agus cumadóireacht ceoil agus amhrán. Na daltaí a ghlac páirt ná:
Racghrúpa ó Bl. 3 ag canadh ‘An Paisinéir’ le Iggy Pop
Dalta ón Bl. 3 a chum agus a chas a amhrán féin, ‘An Fear Grinn’ https://www.youtube.com/watch?v=_6x32siqRdY
Daltaí Bl. 2 ag canadh ‘Pompeii’ https://www.youtube.com/watch?v=_6x32siqRdY
Popghrúpa ó Bl. 2 ag canadh ‘Imithe Bharr Tonn’ https://www.youtube.com/watch?v=Uulua7t5UoE
Popghrúpa ó Bl. 2 ag canadh ‘Fan Taobh Liom’ https://www.youtube.com/watch?v=4l-wi2HrxXs
Dalta ón Idirbhliain a chum agus a sheinn a phíosa féin, ‘Deireadh An Ré’ https://www.youtube.com/watch?v=4l-wi2HrxXs
Dalta ón Idirbhliain a chas Sliocht as ‘The Corpse Bride’ https://www.youtube.com/watch?v=4l-wi2HrxXs
Idirbhliain an Eachréidh ag damhsa go ‘Geronimo’ https://youtu.be/jAknJ6NlRQE
Idirbhliain an Eachréidh agus Bl. 1 Ceol ag canadh ‘Léim Suas’ https://www.youtube.com/watch?v=ij6iZBn_vMs
Popghrúpa ó Bl. 5 ag canadh ‘Fuair Mé’ https://www.youtube.com/watch?v=wNz-VQZZKGI
Bhí na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus Méabh Ní Thuathaláin, an-tógtha leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair. Mhol an múinteoir ceol Úna daltaí an Eachréidh as ucht an spiorad dearfach agus deá-bhéasach a bhí acu i dtreo na n-iomaitheoirí eile a bhí sa chomórtas. Tá áthas orainn fógairt go mbeidh 4 iomaitheoir ó CAE ag dul tríd go dtí an craobh náisiúnta ins an Amharclann Clasac, Baile Átha Cliath, i mi Feabhra 2018: An banna ceoil ‘Fraoch’, Sorcha Ní Choncarraige, an banna ‘Idir’, agus Oisín Dilger. Ba chóir go mbeadh gach dalta a ghlac páírt iontach bródúil astú féin as ucht dul ar stáitse ós chomhair slua 200 duine!! Tá éacht bainte amach acu! Beidh na iomaitheoirí seo le cloisteáíl ag an scoil féin ag Ceiliúradh Gaisce na Nollaig.

See previous SCLÉIP reports