Skip to content

Bliain 1 24/25 – An Chéad Lá ar scoil

Trian den obair ná tús a chur a deirtear agus is cosúil go raibh lá mór maith ag na scoláirí agus iad ag toiseacht amach i gColáiste an Eachréidh 26 Lúnasa 2024.

Tógadh iad ar chamchuairt thart ar shuíomh na scoile, ag cur aithne ar an scoil, ar chairde nua agus ar na múinteoirí. Bhí spraoi go leor acu ag tabhairt faoi dúshláin ar leith agus iad i mbun ‘Tóraíocht Taisce’ thart ar Bhaile Átha an Rí. Gach cuma go mbeidh siad breá sásta ag socrú isteach sa choláiste linn: