Skip to content

Ceachtanna Fichille

Gan amhras, tá athbheochan tagtha ar fhicheall le blianta beaga anuas. Cinnte, bhí spéis iontach curtha sa chlub fhichille i rith na bliana agus is iomaí dalta a chaitheann a chuid ama ag foghlaim ceachtanna breise agus in iomaíocht le daltaí eile ag am lóin. Gabhaimid ár mbuíochas le Máistir PJ as ucht an club seo a bhunadh, a stiúradh agus é toilteanach a chuid ama a chaitheamh leo lena gcuid scileanna fichille a fheabhsú.

De bharr éilimh, eagraíodh roinnt ceardlanna faoi stiúir Kevin Higgins agus bhí breis is dhá scór scoláire rannpháirteach sna ceardlanna seo – foghlaimeoirí, feabhsóirí is máistrí. Nach iontach smaointiú go bhfuil spéis ag daoine óga an lae inniu sa chluiche ársa seo atá cúpla míle bliain d’aois!

The Chess club under the guidance of Máistir PJ and visitor Kevin Higgins has thrived over the past year. Some of these young folk make most of their best moves on the chessboard, not the dancefloor!

Gach duine ag foghlaim ar a luas féin!