An Chéad Sheachtain i mBaile Átha an Rí – Bliain 1 2024

Lá stairiúil don chéad bhliain agus iad ag toiseacht Luan 26 Lúnasa 2024 agus lean siad leo ag baint sult as rudaí stairiúla i rith na seachtaine:

Cuimhnítear gur ghlac gach uile duine acu páirt i dTóraíocht Taisce ar an chéad lá agus nuair a bhí na torthaí istigh, bronnadh duaiseanna beaga agus teastais ar an fhoireann a bhí le Múinteoir Aoife – Glactar leis gur tháinig gach grúpa eile sa dara háit óir bhain gach uile duine an-sult go deo as a bheith páirteach.

Bhí lá iontach acu agus iad ar thuras chuig Ionad Oidhreachta Átha an Rí Céadaoin 28/8/24. Bhí craic den scoth acu agus iad i ngleic lena chéile i gcomórtas saighdeoireachta agus le linn an turais céanna, d’fhoghlaim siad faoi thionchar na Normannach in Éirinn trí dhrámaíocht agus iad gléasta i bhfeistis meánaoise.

Mar aon leis sin, bhí turas eagraithe do dhaltaí ón chéad bhliain go Caisleán Bhaile Átha an Rí Déardaoin 29/9/24. Cé nach bhfuil ach siúlóid cúpla nóiméad ón choláiste féin i gceist, bhí neart spraoi acu ar an láthair agus go leor foghlamtha fá na Normannaigh tagtha i dtír agus conas gur bhunaigh siad an bhaile breis agus ocht gcéad bliain ó shin.

Le fírinne, seachtain stairiúil a bhí ag daltaí Bl.1 agus iad ag toiseacht i gColáiste an Eachréidh…cinnte bhaineadar an-taitneamh go deo as na himeachtaí uile – guímid gach rath orthu sna blianta amach rompu.

Beirigí Bua Bliain 1 2024!