Torthaí Ardteiste 2024

Bhí ceiliúradh iontach ag scoláirí na hArdteiste agus torthaí fógraithe ar na mallaibh. Bhí cúis cheiliúrtha ag na daltaí agus iad ag sárú a gcuid spriocanna féin. Caithfidh ardmholadh a thabhairt dóibh ar fad óir bhain siad uilig lán-chumas amach. Ar ndóigh, caithfidh aitheantas a thabhairt d’fhoireann na múinteoirí a bhí ag obair leo thar na blianta – ní ón ghaoth a tháinig na buanna chuig na scoláirí!

Tá buanna na gaelscolaíochta treisithe sna torthaí acu agus éachtanna nach beag curtha i gcrích.

Comhghairdeas leo féin agus lena gcuid múinteoirí!