Gradam Uí Mhaoilchiaráin

Bhí cuairteoir speisialta sa choláiste roimh dheireadh na scoilbhliana – Brian Ó Maoilchiaráin – an chéad phríomhoide a bhí ag Coláiste an Eachréidh. Bhí sé i láthair ar mhaithe le ‘Gradam Uí Mhaoilchiaráin’ a bhronnadh ar dhalta Ardteiste.  Seo an dara bhliain gur bhronnadh an gradam speisialta seo. Bronntar an gradam ar dhalta amháin i mbliain na hArdteiste, scoláire a léiríonn tréithe ar leith mar mhac léinn, agus é/í ag teacht le buanna ‘Bord Oideachais & Oiliúna’ – Pobal, Cúram, Meas, Cothromas agus Feabhas san Oideachas.

Caithfidh a rá gur cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh Brian Ó Maoilchiaráin agus é ar ais sa choláiste. Thapaigh scoláirí na hArdteiste an deis dreas cainte agus tamall a chaitheamh l’Iar-Phríomhoide na scoile agus bhí comhairle aige dóibh agus iad ag tabhairt faoi scrúduithe stáit. Ghabh Brian a bhuíochas leo ar fad as ucht na dea-chuimhní a d’fhág siad aige nuair a chaith sé blianta ina gcuideachta agus ansin bronnadh Gradam Uí Mhaoilchiaráin ar ‘Semyon’.

Comhghairdeas leat Semyon!