Skip to content

Ceiliúradh Gaisce 2024

Agus scoilbhliain eile 23/24 curtha i gcrích ag scoláirí an Eachréidh, tháinig pobal na scoile le chéile l’aitheantas a thabhairt don mhéid atá comhlíonta i mbliana.  Caithfidh a admháil gur iontach dúinn ar fad na buanna uile atá ag ár ndaltaí i gColáiste an Eachréidh i réimsí éagsúla. Ar an drochuair, níorbh fhéidir leis an scoil teastais a bhronnadh ar ghach uile dalta ach bhí roinnt daltaí roghnaithe as ucht a gcur chuige eiseamláireach.

Bronnadh gradaim orthu siúd a léirigh tréithe ceannaireachta, orthu siúd a bhí go maith leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa choláiste, orthu siúd ag a raibh meon dearfach acu i dtaobh na hoibre agus orthu siúd ag a raibh freastal den scoth acu ar scoil i rith na bliana.

Ní hamháin sin ach ag Ceiliúradh Gaisce 2024, bhí deis gradaim speisialta a bhronnadh ar dhaltaí as ucht gníomhartha gaiscíochta iontacha curtha i gcrích acu. Thug an coláiste aitheantas ar leith do scoláirí: Seán agus Aoibhinn – mar laochra spóirt, Éadaoin as ucht an mhéid atá déanta aici leis an Ghaeilge a chur chun cinn thar na blianta, Caoimhín as ucht tinreamh den scoth thar sé bhliain, Leah mar dhalta eiseamláireach nár fhreastail ar Ghaelscoil ach a thosaigh ar an Ghaeilge i gceart sa mheánscoil agus meon dearfach aici i dtaobh an ghaeloideachais agus ar Chaoimhe as ucht a cur chuige ceannródaíochta mar scoláire sa choláiste.

Mar aon leis sin, bronnadh gradaim ar dhaltaí as ucht obair thionscadail in ábhair éagsúla:

Sóisearach:

  • Adhmadóireacht – Conor
  • Eacnamaíocht Bhaile – Kate
  • Innealtóireacht – Scott
  • Grafaicí Teicniúla – Eoghan
  • Ealaín – Max
  • Stair – Saoirse

Sinsearach:

  • Foirgníocht – Semyon
  • Eacnamaíocht Bhaile – Sarah
  • Innealtóireacht –Sarah
  • Ealaín – Ellie
  • Ceol – Eoin

Le clabhsúr a chur leis na gradaim éagsúla, tugadh aitheantas do chúigear agus Gradaim BOOGR bronnta orthu siúd ar thréithe éagsúla:

  • Lúthchleasaíocht /Spórt- Seán
  • Buanna Acadúla – Eve
  • Cur chun cinn na Gaeilge Éadaoin
  • Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM)- Semyon
  • Na hEalaíona agus Cultúr- Moonlight Eclipse  ( Ar ndóigh – bhí deis ag pobal na scoile cluas a thabhairt le héisteacht lena mbuanna ceoil ler crích a chur le searmanas na ngradam)

 

Is iomaí bua a rugadh leo