Skip to content

Clabhsúr na Scoilbhliana 23/24

Bhí an lá deireannach ‘scoile‘ 23/24 ag daltaí (Bl.1 & Bl.2) agus iad ar cuairt ar ‘Emerald Park‘. Caithfidh a ra go raibh a leithéid tuillte go maith acu óir bhí bliain oibre agus scrúduithe an tsamhraidh curtha i gcrích acu faoin am seo. Is dócha go gcuimhneoidh siad go brách ar an spraoi uile a bhí acu ar an lá agus sé uair a chloig caite acu i mbun marcaíochtaí siamsaíochta ar rollchóstóirí is eile. Tá súil againn go mbainfidh cách an-taitneamh go deo as laethanta saoire an tsamhraidh agus beimid ag tnúth go mór le fáilte ollmhór a chur rompu ar fad don scoilbhliain 24/25.

Ba mhór an spraoi é!