Skip to content

Eramus ar an Mhór-Roinn

Níl amhras ar bith ann ach go mbíonn siúlach scéalach agus is iomaí scéal atá ag lucht an Eachréidh a d’imigh ar thuras chun na Mór-Roinne ar na mallaibh. Chuir pobal na scoile in Adenau (sa Ghearmáin) fáilte Uí Cheallaigh roimh ionadaithe ó Choláiste an Eachréidh a luaithe agus a bhain siad ceann scríbe amach Domhnach 12 Bealtaine. Bhí rogha gach bi agus togha gach di curtha ar fáil ag na teaghlaigh dúchasacha agus iad ag súil go mór buaileadh le scoláirí na hÉireann. Caithfidh a rá gur tugadh aire den scoth do na mic léinn agus agus iad i gcomhluadar na nGearmáineach.

Bhí deis ag scoláirí na Gaillimhe a bheith i gcuideachta a gcairde nua agus iad ag freastal ar scoil. Ar ndóigh, tá taithí eile acu ar shaol na scoile sa Ghearmáin idir uaireanta oscailte (7.40 – am lóin agus ranganna breise eile), iad gan éide scoile, suíomh agus áiseanna scoile. I measc na ranganna ar fhreastail daltaí bhí: Gearmáinis, Laidin, Bitheolaíocht, Ceimic agus Corpoideachas.

Bhí deis ag na daltaí a bheith ar chamchuairt mórthimpeall an cheantair. Chuaigh siad ar cuairt ar Chologne, áit ina raibh seans acu bualadh isteach ar an mhonarchan seacláide (Lindt), breathnú thart ar an Ardeaglais Mheánaoiseach agus seal a chaitheamh i mbun siopadóireachta. Ní hamháin sin ach bhí lá mór spleodrach i mbun spraoi iontach i ‘Phantasialand’. Níl léamh ná scríobh ná inse béil ar an mhéid craic a bhí acu ag marcaíocht thart ar gach saghas luascán agus rollchóstóir san ionad ollmhór siamsaíochta.

Níorbh é gur tháinig deireadh leis an spraoi is an fhoghlaim nuair a baineadh Lille amach sa Fhrainc. Bhí deis ag scoláirí an Eachréidh gabháil ag dreapadóireacht i measc na gcrann, iad ag luascadh is ag eitilt go hard sa spéir. Chuadar ar cuairt ar an sa Lille agus réimse leathan ainmhíthe le feiceáil ann. Mar aon leis an mhéid sin, bhíodar ag snámh, ag lapadáil agus eile ag Bellewaerde – (ionad ollmhór osnádúrtha uisce) – spraoi den scoth san uisce ar feadh cúpla uair a chloig.

Cinnte bhí seans ag scoláirí an Eachréidh tréimhse a chaitheamh ag ranganna in Institiúid de Genech sular thug siad aghaidh ar a mbealach abhaile. Ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar an turas thar sáile Eramus 2024!

Ní bhíonn conair gan ceann … faraor!