Comórtas na nEalaíon

Díreach mar mheabhrúcháin:

Tá comórtas iontach ollmhór eagraithe agus oscailte do scoileanna faoi BOOGR. Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do dhaltaí sa choláiste gur cheart is gur chóir dóibh a bheith ag machnamh ar iarratais a dhéanamh óir tuigimid gur iomaí bua atá ag scoláirí an Eachréidh.

Faraor, tá réimse leathan seánraí inar féidir a bheith pairteach:– pictiúr/íomhá a dhearadh, grianghrafadóireacht, ceol, damhsa, amhránaíocht, drámaíocht, filíocht, scríbhneoireacht agus eile.

Tuigtear dúinn go bhfuil an comórtas seo oscailte go dtí deireadh na míosa … mar sin, ná fágaígí bhur dtalann ar an mhéar fhada nó beidh an mhéar fhada ró-ghearr ar ball.