Skip to content

Gradaim na Nollag ’23

Tháinig pobal uile na scoile le chéile le ceiliúradh Gaisce na Nollag ’23 a cheiliúradh. Ócáid den scoth a bhí ann ar mhaithe le aitheantas a thabhairt do bhuanna na scoláirí sa choláiste. Bhí atmaisféar speisialta cothaithe agus daltaí i mbun ceoil agus amhránaíochta faoi stiúir Mhúinteoir AnneMarie. Le fírinne, bhí réimse breá ceoil curtha i láthair – traidisiúnta, nua-aimseartha agus nua-cumtha.

Léirigh Príomhoide Sinéad gur iomaí bua atá ag ár ndaltaí i gColáiste an Eachréidh: tá freastal den scoth ag go leor, tá daltaí ag obair go díograiseach ar scoil agus sa bhaile. Mar aon leis sin, léirigh sí gur iomaí ceannaire agus Gael óg atá inár measc sa scoil. Mar chomhartha aitheantais orthu siúd ar fad, bronnadh gradaim ar leith do roinnt daltaí ar son na Gaeilge, ar son a gcuid oibre leanúnaí, a gcuid tinrimh agus do scoláirí éagsúla a léiríonn tréithe ceannaireachta ar scoil. Ar ndóigh, bhí deis tapaithe aitheantas poiblí a thabhairt do fhoireann eitpheile na gcailíní– Mar sin de – comhghairdeas le gach uile scoláire i gColáiste an Eachréidh.

As a token of respect to all students, a number of awards were presented to students for attendence, leadership skills, schoolwork and promoting Gaeilge during a very entertaining and musical Gaisce na Nollag ’23. The Senior Girls’ Volleyball team was also given special recognition for their recent achievements.

Beirigí Bua sa Bhliain Úr