Comhghairdeas le rang Gaeilge 3B a léirigh dráma ar ‘Clann Uisnigh’ le deireannas.
I ndiaidh dóibh staidéar a dhéanamh ar an scéal béaloidis, bheartaigh siad go mbeadh siad sásta tabhairt faoin scéal a léiriú go drámatúil. Mar sin de, bhí obair le déanamh acu script a scríobh, feistis agus propanna a aimsiú, seit a dhearadh agus línte le foghlaim de ghlanmheabhair. Cóip den script le fáil anseo.
De réir mar a thuigimid, bhain idir aisteoirí agus lucht féachána an-sult go deo as an dráma. Tuigtear go bhfuil éileamh anois ann go mbeidh an seó le léiriú arís acu os comhair lucht féachána eile.
Congratulations to Rang Gaeilge 3B fo their fine performance of Clann Uisnigh. The play was written, rehearsed and performed by the whole class. We understand that there is now a demand for further performances. Go n-éirí leo!
Clann Uisnigh ag tabhairt faoin fharraige
Ag taisteal thar Sruth na Maoile go hAlbain
Clann Uisnigh réidh le gabháil i mbun troda
Na hUltaigh abú!
Ar aghaidh leo ar an fharraige mhór
Cathbhadh – draoi ag cur mallachta ar Eamhain Mhacha
Cuireadh tugtha do Chlann Uisnigh pilleadh ar Chúige Uladh – Deirdre amhrasach
Teachtaire aimsithe ag Conchúr Mac Neasa dul go hAlbain
Naoise Mac Uisnigh ag smaointiú fán mhéid atá roimhe
Criú iomlán a léirigh Clann Uisnigh sa choláiste
Fiachra Fionn, Mac Rí Uladh, leagtha go talamh ag Iollann Fionn, Mac Fhearghais
Conchúr Mac Neasa ag éisteacht le tuairisc ó Leabharcham
Maine Lámhgharg ag baint na cloigne de Chlann Uisnigh
Fearghas Mac Róigh agus Cú Chulainn – laochra Uladh
Conchúr Mac Neasa ag iarraidh ar laoch Ultach teachtaireacht a thabhairt do Chlann Uisnigh pilleadh