Bliain 1 – Buaiteoirí Fógraithe

An chéad lá ar scoil, bhí ‘Tóraíocht Taisce’ thart ar Bhaile Átha an Rí ag na scoláirí úrnua, iad ag cur aithne ar a chéile, ar na múinteoirí agus ar an cheantar mórthimpeall orthu. An dara lá ar scoil, bhí ‘Tráth na gCeist’ eagraithe go speisialta ar a son. Fógraíodh na buaiteoirí agus bronnadh duaiseanna beaga agus teastais orthu – glacaimid leis gur tháinig gach grúpa eile sa dara háit. An rud is tábhachtaí ná gur bhain gach uile duine an-taitneamh go deo as na himeachtaí.