Skip to content

Seachtain ildánach i gColáiste an Eachréidh

Tá ríméad orainn a fhógairt go raibh Seachtain Scoileanna ildánacha den scoth i gColaiste an Eachréidh 8 – 12 Bealtaine! Tugadh deis do phobal uile na scoile a bheith rannpháirteach in imeachtaí na seachtaine agus bhí seans ag cách a mbuanna cruthaíochta a léiriú i réimse forleathan gníomhaíochtaí. Tá sé do-chreidte an cruthaitheacht iontach atá léirithe ag ár ndaltaí tallannacha.  Ó chuid ealaíontóireachta iontach go léiriúcháin draíochta a bhaineann leo, tá ár ndaltaí ag léiriú a samhlaíocht agus a gcuid scileanna agus táimid fíor-bhródúil as an chumas gan teorainn atá iontu agus faoin tiomantas atá iontu chun a gcuid aislingí a thabhairt chun cinn.

Bhí réimse gníomhaíochtaí spreagúla eagraithe i rith na seachtaine, ag céiliúradh & ag neartú spiorad chruthaitheach gach uile mac léinn faoinár gcúram:

  • Bhí díolachán cistí eagraithe ina raibh dúshlán tugtha do mhic leinn cistí a dhearadh ‘ildaite‘ agus iad ag tacú le pobal LADT+.
  • Tugadh dúshláin do dhaltaí sna ranganna Gaeilge is Béarla tabhairt faoi dhánta nó scéalta a chumadh bunaithe ar phictiúir.
  • Is iomaí taispeántas a bhí eagraithe ag an Club Ealaín, ó dhaltaí sinsearacha is sóisearacha na scoile, ag an rannóg adhmadóireachta agus ag na múinteoirí iad féin.
  • Tháinig na múinteoirí le chéile mar chlub iarscoile agus imeacht sóisialta eagraithe agus iad i mbun péintéireachta.
  • Bhí taispeántas dá saothar féin léirithe ag Rang Ealaíne Bl.5  agus bhain idir óg is aosta an-tairbhe go deo as réimse a gcuid tallainne.
  • Ní hamháin go raibh na taispeantas léirithe ar láithreain na scoile ach tugadh cuireadh speisialta do scoláirí pictiúir a léiriú go poiblí i mbialann Francach i mBaile Átha an Rí – La Pause Dessert – ar ndóigh, bhí an rannóg Fraincise gníomhach sa togra seo chomh maith.
  • Chuir lucht na hidirbhliana crích lena mhúrmhaisithe a bhí cruthaithe as caipíní buidéal agus iad crochta ar bhallaí na scoile.
  • Bhí seans ag lucht na hidirbhliana tabhairt faoina scileanna peannaireachta a chleachtadh agus scríbhneoireacht Sínise idir lámha acu.
  • Bhí ceardlanna drámaíochta eagraithe go speisialta do dhaltaí Bl.2.
  • Le linn am lóin, bhí deis ag ceoltóirí óga a bheith ag cleachtadh ceoil agus cuid acu i mbun ceolchoirmeacha. Bhí blaiseadh ceoil ó sheánraí éagsúla agus is léir do phobal uile na scoile go bhfuil réimse leathan tallann i measc amhránaithe, cumadóirí agus ceoltóirí an choláiste.
  • Chuaigh lucht na chéad bliana ar chamchuairt thart ar an bhaile, ag breathnú ar dhealbha agus leachtanna comórtha ó aimsir na meánaoise go dtí píosaí comhaimseartha nua-cruthaithe. Is iontach an méid atá le feiceáil mórthimpeall orainn.
  • Mar chlabhsúr na seachtaine, eagraíodh lá gan éadaí scoile agus tugadh dath amháin ón tuar ceatha do gach bliainghrúpa agus ba léir gur bhain cách an-sult go deo as an éagsúlacht ildaite.
Caithfidh a rá gur éirigh go hiontach le himeachtaí na seachtaine. Táimid an-bhródúil as a gcuid iarrachtaí, a ndíogras agus an méid oibre a bhí curtha i gcrích acu. Gan amhras, bhí ceiliúradh luachmhar déanta go héifeachtach ar chumhacht na samhlaíochta agus thainig pobal uile na scoile le chéile lenár mbuanna cruthaitheachta a léiriú is a cheiliúradh!  

We’re thrilled to announce that Creative School Week (8 -12 May) was a great success in the Coláiste. It was wonderful to witness the incredible creativity displayed by our talented students. From stunning artworks to mesmerizing performances, we are truly amazed at the limitless potential they possess and their ability to bring their visions to life.  An array of activities was organized celebrating and nurturing the creative spirit within each and every one of our students.

Dhá thrian den bhua – dealramh